Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Ceannairí Eorpacha éadóchasach faoin gcorraíl idirnáisiúnta'

24 AIBREÁN 2026, 17:53

Ceannairí an Aontais Eorpaigh agus a n-aíonna ag cruinniú mullaigh sa Chipir
X Facebook

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcreideann ceannairí an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh an ghleacaíocht faoi Chaolas Hormuz san Iaráin géarchéim fuinnimh a adhaint nár fulangaíodh ceann mar é ach trí huaire cheana, mar a bhí, in 1973, 1979 agus 2022.

Thug an Taoiseach le fios go bhfuil an chorraíl sa Mheánoirthear ag déanamh scime do na ceannairí ar fad agus gur phléigh siad an scéal i gcruinniú mullaigh neamhfhoirmiúil a bhí ar siúl sa Chipir le cúpla lá.

Dúirt sé go deimhin go raibh siad "éadóchasach" faoi lorg na corraíola ar sholáthar ola agus ar phraghsanna, agus ina dhiaidh sin ar an ngeilleagar idirnáisiúnta.

Nuair a fiafraíodh den Taoiseach an dtabharfadh an Rialtas mionbhuiséad isteach roimh an mBuiséad bliantúil atá le fógairt san fhomhár mar is gnách, dúirt sé nár cheap sé go dtabharfadh.

Thug sé le fios go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar na ballstáit maoiniú a choinneáil i dtaisce ar fhaitíos go ngéaródh an ghéarchéim tuilleadh agus dúirt go bhféadfadh an fás eacnamaíoch sa tír seo dul ar gcúl, chomh maith le gach aon tír eile.

Ina cheann sin, arsa sé, in ainneoin na n-éileamh go gcaithfeadh an Rialtas tuilleadh airgid ar phacáiste costais mhaireachtála, ní mór cuimhneamh go bhfuil cuid mhaith den mhaoniú Stáit á infheistiú cheana i dtograí fadtéarmacha – fuinneamh gaoithe ar muir agus tithíocht, cuir i gcás.

Dá bhrí sin, a dúirt an Taoiseach, ní fíor go bhfuil an t-airgead ann agus nach bhfuil le déanamh ach a chaitheamh.

Meacan eile éadóchais sa chaint a rinne an Taoiseach, bhain sé leis an 'sos cogaidh' sa Liobáin.

I bhfianaise sosanna mar é a bheith sáraithe agus athsháraithe go minic cheana, arsa sé, níl sé "iontach dóchasach".

Tráthnóna inniu, dúirt Hezbollah nárbh fhiú tráithnín é an 'sos cogaidh' a fógraíodh in Washington inné tar éis d'fhórsaí míleata Iosrael beirt a mharú sa Liobáin inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ