Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean marbh tar éis a hionsaithe i bPort Láirge, fear á cheistiú

28 AIBREÁN 2026, 08:05

X Facebook

Tá bean a ionsaíodh i gcathair Phort Láirge tráthnóna inné tar éis bháis.

Bhí fios curtha ar na seirbhísí éigeandála, agus ba iad a tháinig ar an mbean agus í gortaithe go dona in Arda na Gráinsí thart ar a sé a chlog inné

Tugadh an bhean, a bhí sna daicheadaí chuig Osipdéal Ollscoile Phort Láirge mar ar bhásaigh sí tamall gearr ina dhiaidh sin.

Ghaibh Gardaí fear ar an láthair agus tá sé á choinneáil ag stáisiún Garda sa réigiún, mar ar féidir é a choinneáil go ceann 24 uair sula gcaithfear é a chúisiú nó a scaoileadh saor.

Tá oifigeach idirchaidreamh ceaptha do theaghlach na mná, arb as an bPolainn í, ceaptar.

Tá an láthair ag Arda na Gráinsí á caomhnú le scrúdú dlíeolaíoch a chur ar bun ann.

Ba mhaith le Gardaí labhairt le finnéithe, go háirithe aon duine a bhí sa cheantar sin idir 6:00 agus 6:30 tráthnóna inné, agus le haon duine a bhfuil físéan acu ó CCTV nó ódhaischeamara.

Is féidir dul i dteagmháil le Gardaí Phort Láirge ar 051 305300, líne rúnda an Gharda ar 1800 666 111 nó le haon stáisiun eile Garda.