Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Daoirsiú breosla: íocaíochtaí nua tacaíochta fógartha

29 AIBREÁN 2026, 14:03

Darragh O'Brien agus Martin Heydon
X Facebook

Gheobhaidh feirmeoirí agus conraitheoirí talmhaíochta íocaíochtaí tacaíochta breosla faoi dheireadh mhí an Mheithimh, de réir a bhfuil curtha ag an Rialtas le tacaíochtaí a beartaíodh cheana i bhfianaise agóidí náisiúnta faoi phraghas ard breosla.

Is iad an tAire Iompair Darragh O'Brien agus an tAire Talmhaíochta Martin Heydon a d'fhógair cuid de mhionsonraí na scéime ag Tithe an Rialtais níos túisce inniu.

De réir bhfuil a bhfuil geallta, tabharfar cúnamh airgeadais do 120,000 feirmeoir agus 1,500 conraitheoir talmhaíochta lánaimseartha.

I gceann na gcánacha a laghdaíodh cheana, fágfaidh an beartas breise seo go mbeidh 1,000 lítear de dhíosal glas €274 níos saoire ná mar a bheadh dá n-uireasa.

Dúirt an tAire Heydon go mbeifí ag glacadh le hiarratais ar chúnamh ó chonraitheoirí talmhaíochta ón tseachtain seo chugainn go ceann ceithre seachtaine.

Dhearbhaigh sé freisin gurb é an 1 Márta iardháta tosaigh na scéime, ós é sinan uair a thosaigh breosla ag daoirsiú as miosúr.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ