Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Athrú aeráide: an Eoraip is tréine atá ag téamh

29 AIBREÁN 2026, 12:15

Oighearshruth na Róine in Alpa na hEilvéise á leá go tréan, 12 Meán Fómhair 2025
X Facebook

Is í an Eoraip thar aon ilchríoch eile den chruinne is tréine atá ag téamh, nó á téamh ag an duine, a deirtear i dtuarascáil nua idirnáisiúnta faoi athrú aeráide.

Gach deich mbliana le tríocha bliain, bhí meánardú de 0.56 céim ar an teocht san Eoraip, ráta atá dhá oiread níos tréine ná an chuid eile den domhan.

Fágann sin gur ardú de 1.68 céim a tháinig ar an teocht san Eoraip i gcaitheamh na mblianta sin.

Is tréine fós atá an teocht ag ardú i réigiún an Artaigh, áfach – 0.75 céim gach deich mbliana.

Is é an toradh atá ar an athrú tubaisteach seo aer níos teo, farraigí níos teo, leá oighir, talamh níos tirime, scriosadh dúlra agus dul i léig gach aon cheann de scátha a chéile a maireann gach aon neach orthu.

Tá na mionsonraí sa tuarascáil bhliantúil a d'fhoilsigh an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.

Chomh maith le tuar tubaiste na tuarascála, tarraingítear aird ann ar an gcor dearfach.

Tuar dóchais, a deirtear, is ea an dul chun cinn atá déanta san Eoraip maidir le fuinneamh in-athnuaite.

In 2025, is ó fhoinsí in-athnuaite a gineadh 46.4% de sholáthar leictreachais na hEorpa.

Gaoth, uisce agus grian is mó a bhí sna foinsí sin.

Ó bhreoslaí iontaise a gineadh 27.5% den soláthar leictreachais, ar laghdú suntasach é sin le tríocha bliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ