Tá na Gardaí sa tóir ar ghunna láimhe a chreidtear a chaith fear uaidh agus ar tháinig páiste air ina dhiaidh sin i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.
Tuairiscítear gur scaoil an páiste an gunna, gur tháinig beirt fhear ar an láthair go gairid ina dhiaidh sin agus gur thug siad leo an gunna.
Baineann an scéal le haighneas idir dhá bhuíon coirpeach sa cheantar.
Is cosúil go bhfacthas fear in aice le stáisiún na nGardaí i mBaile Munna ag thart ar 3 a chlog inné, áit a raibh fear eile á cheistiú faoin aighneas.
Nuair a d'fhéach na Gardaí le labhairt leis an gcéad fhear theith sé uathu agus chaith uaidh an gunna.
Níor éirigh leis na Gardaí teacht ar an ngunna agus is go gairid ina dhiaidh sin a tharla an páiste air.
Ceaptar gur thart ar aon bhliain déag d'aois atá an páiste.
Níor gortaíodh aon duine nuair a scaoil an páiste an gunna.
Ghabh na Gardaí déagóir agus fear sna fichidí faoin eachtra.
Tá an fear fós á cheistiú acu agus tá comhad le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcás an déagóra.
Maraíodh fear óg anuraidh mar gheall ar an aighneas idir na coirpigh i mBaile Munna.
Leagadh le gluaisteán d'aon turas Kevin Kelly, a bhí sna fichidí, ar an 28 Meitheamh anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


