Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ospidéal Náisiúnta Leanaí: ní fios cathain, ní fios cé mhéad

30 AIBREÁN 2026, 18:23

An tOspidéal Náisiunta Leanaí mar atá sé i láthair na huaire, Aibreán 2026
X Facebook

Níl aon dáta críochnaithe leagtha amach don Ospidéal Náisiúnta Leanaí agus tá na mílte fabht fós le cur ina gceart ag na tógálaithe, a dúradh ag éisteacht den Choiste um Chuntais Phoiblí inniu.

Bhíothas in ainm an obair thógála a chríochnú ceithre bliana ó shin agus is €650 milliún as an spaga poiblí a bhíothas in ainm a chaitheamh ar an mórthogra.

Chomh maith leis an éiginnteacht faoin dáta oscailte, áfach, meastar anois gur €2.24 billiún a chosnóidh an t-ospidéal nua, má chosnófar.

Agus mar le hairgead, dúirt bord an ospidéil leis an gcoiste inniu gur chaith siad os cionn €5 mhilliún ar tháillí dlí le dhá bhliain déag agus gur aighnis éagsúla leis an bpríomhchonraitheoir BAM ba chúis leis sin.

Tugadh le fios freisin nach raibh deireadh leis na haighnis fós.

Dúirt príomhfheidhmeannach an bhoird David Gunning go raibh baill an bhoird den tuairim nach raibh BAM ag cur dóthain acmhainní ar fáil don togra agus go mba é sin ba chúis leis an moill.

David Gunning
David Gunning

Os a choinne sin, i ráiteas ó BAM, dúirt an comhlacht nach raibh dada as an ngnách ag baint le fabhtanna ag deireadh mórthogra mar é agus cháin siad an chaoi a raibh an scéal ar fad á chur os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

Dúirt duine de bhaill an choiste Séamus McGrath nár chreid sé go n-osclódh an t-ospidéal i mbliana agus go ndealraíonn sé faoi láthair gur an bhliain seo chugainn a chuirfí na chéad othair ann.

Thug sé le fios chomh maith gur dhóichí go mbeadh an costas iomlán níos airde ná an €2.24 billiún atá á lua leis i láthair na huaire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ