Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Líon na mbuíonta coireachta sna príosúin dúbailte le bliain anuas

01 BEALTAINE 2026, 11:18

X Facebook

Tá líon na mbuíonta coireachta aitheanta atá sna príosúin dúbailte le bliain anuas agus tá líon na mball de na buíonta ardaithe 25% freisin, dar le Seirbhís Príosún na hÉireann.

34 buíon aitheanta atá anois ann in áit 15 anuraidh, agus 172 ball de bhuíonta coireachta atá faoi coinneáíl anois, ardú de 25% sa tréimhse cheánna.

Deir Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Príosún Caron McCaffrey, go bhfuil sí sásta gur féidir ceannairí na mórbhuíonta a bhainistiú, mar tá roinnt díobh faoi choinneáil cheana féin.

Tá baill de bhuíonta Hutch agus Kinahan scartha óna chéile ag an tSeirbhís Príosún, agus chomhghleacaithe Hutch i bPríosún Pháirc na Cruithneachta agus cuid Kinahan i bPríosún Mhuinseó.

Ach i Muinseó tá 16 bhuíon ar leith, ar a áirítear baill de bhuíon Hutch, agus teastaíonn bainistíocht ghéar uathu sin.

Ach dúshlán mór é d'oifigigh príosúin na 170 príosúnach atá i gceist a choinneáil óna chéile agus a bhainistiú, dar le cumann ionadaíoch na n-oifigeach an POA.

Deir na hoifigigh go gcaithfear grúpaí ar leith a scaoileadh amach as a gcillíní agus a bhfoirgintí ag amanta difriúla, agus cé gur dhá sheal gleacaíochta sa lá atá ag dul dóibh, ní féidir seo a dhéanamh i gcónaí.

Ní mór buíon amháin bheith sa chlós, a deir siad, le gur féidir buíon eile a scaoileadh amach sa léibheann lena gcillíní a fháil glanta.

Dar leis an POA go gcuireann na buíonta coireachta eagraithe brú millteanach ar an gcóras, atá róphlódaithe mar atá, agus iad ag eagrú arm, drugaí agus earraí eile coisthe a sheachadadh chun na bpríosún ar dhróin.

Maidir leis an róphlódú, tá an líon príosúnach ardaithe 28% le trí bhliana, dar leis an tSeirbhís Príosún, in ainnoine gur thit rátaí coireachta sa tríemhse chéanna. Luann an IPS an t-ardú seo le níos mó breithniúna agus suíona cúirte agus an tréimhse a mbíonn daoine faoi coinneáil roimh a dtriail bheith níos faide.

Faoi láthair tá príosún saoil curtha ar 480 príosúnach faoi láthair agus tá 25 bhliana i gceist leis sin anois, ardaithe ó 12 bhliain scór bliain ó shin.

Ach tá foireann na bpríosún ag méadú,a deir Caron McCaffrey, agus tá an-airgead caite ar ragobair freisin.