Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

31 iarrthóir sa dá fhothoghchán an 22 Bealtaine

01 BEALTAINE 2026, 11:34

An 22 Bealtaine a bheidh pobal Gaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir i mbun chinneadh faoi TD nua sa dá Dháil cheantar
X Facebook

Beidh 31 iarrthóir sa iomaíocht don dá shuíochán atá fágtha gan Teachta Dála de bharr beirt a d'eirigh as an bpolaitíocht anuraidh.

Ag a 12 inniu a tháinig an tréimhse aimniúcháín chun críche d'iarrthóir i nGaillimh Thiar agus Baile Átha Cliath Láir.

17 nduine a bheidh sa tóir ar an suíochán a d'fhág Catherine Connolly ina diaidh nuair a toghadh í ina hUachtarán ar Éirinn. Tá deichniúr díobh sin ag seasamh ar son pháirtithe polaitíochta agus seachtar ina neamhspleáigh nó ina n-iarrthóirí neamhpháirtí..

14 dhuine a bheidh in aghaidh a cheie don suíochán a d'fhág Paschal Donohoe nuair a d'fhág seisean an pholaitíocht le bheith ina bhainisiteoir stiúrthta ar an mBanc Domhanda. Beidh iarrthóir ag formhór na bpáirtithe sa Dáil chomh maith le seisear ar neamhspleáigh nó iarrthóirí neamh-pháirtí iad.

Tá 21 lá idir seo agus lá na vótála, Dé hAoine an 22 Bealtaine, agus beidh feachtais na n-iarrthóirí ag dul i dtreis ón deireadh seachtaine seo i leith.

Beidh óna 7 ar maidin go dtína 10 tráthnóna ag vótóirí an dá Dháilcheantar a dtionchar a imirt ar an chéad bheirt eile a bheidh ag déanamh a mbealach chuig Sráid Chill Dara.