Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt as Éirinn ar bord long saoire buailte ag víreas

04 BEALTAINE 2026, 12:20

Iarrachtaí ar bun le beirt phaisinéirí an-dona tinn a thabhairt i dtír den Hondius atá ar ancaire amach ó Rinn Verde ar chósta thiar na hAfraice.
X Facebook

Tá beirt as Éirinn i measc 149 duine as 23 tír atá ar bord long saoire ar a bhfuil ar a laghad cás amháin den hantaivíreas deimhnithe.

Idir an dá linn tá súil ag an gcomhlacht as an Ísiltír gur leo an long beirt phaisinéirí atá an-dona tinn a thabhairt chuig an ospidéal ón mbád ar a bhfuil triúr tar éis bháis cheana féin de bharr ráig hantaivíreas creidtear.

Tá Oceanwide Expeditions tar éis labhairt an chéad uair inniu faoin ngéarchéim agus iad ag deimhniú go bhfuil siad ag gabháil i ngleic le "cás tromchúiseach leighis" ar an long an MV Hondius a bhí ag seoladh ó Ushuaia san Airgintín trasna an Atlantaigh chomh fada le Rinn Verde san Afraic.

Tá sé deimhnithe i ráiteas ag Oceanwide go bhfuil triúr básaithe, beird ar bord na loinge agus duine eile a tugadh i dtír.

Tá an ceathrú paisinéir in aonad dianchúraim ospidéil i Johannesburg san Afraic Theas agus "tá beirt eile fós ar bord a bhfuil cúram leighis go práinneach uathu".

"Tá sé aontaithe" a deir an comhlacht taistil mara "go mbeadh údaráisí na hÍsiltíre i gceannas ar chomh-iarracht leis an mbeirt atá tinn a thabhairt den Hondius agus iad a thabhairt abhaile go dtí an Ísiltír".

Deir Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre sin go bhfuil siad "i mbun gnímh chun na daoine a thabhairt den long más féidir é".

This aerial picture shows a general view of the cruise ship MV Hondius stationary off the port of Praia, the capital of Cape Verde, on May 3, 2026. An outbreak of "severe acute respiratory illness" on board a cruise ship in the Atlantic has left two people dead and a third in intensive care in Johan

Tá an Hondius faoi láthair ar ancaire amach ó Rinn Verde agus cé go bhfuil cóir leighis faighte ag an mbeirt ar bord ó dhochtúirí de chuid na tíre sin, níl aon chead tugtha iad a chur i dtír.

Tá sé deimhnithe go cinnte ag údaráisí sláinte go bhfuil hantaivíreas ar an té atá faoi dhianchúraim i Johannesburg, fear de bhunú na Breataine, ach deir Oceanwide Expeditions nach bhfuil sé deimhnithe fós gurbh é an tinneas céanna a ba chúis le bás an triúir.

Luchain agus francaigh is mó is cúis le scaipeadh an víris.

Tá sé ráite ó inné ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an WHO) go bhfuil cás amháin hantaivíreas deimhnithe agus 5 chás eile á bhfiosrú.

Deir an WHO gurbh "annamh a tharlaíonn sé ach go bhfuil cásanna ann den víreas ag scaipeadh ó dhuine go duine" agus deir siad gur aicíd chontúirteach í a loiteann an córas riospráide.