Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dochar déanta de 738 othar in eachtraí cógais faoin HSE anuraidh

05 BEALTAINE 2026, 12:59

Fritheadh na figiúirí mar thoradh ar Cheist Dála a chuir Peadar Tóibín, TD
X Facebook

Déanadh dochar de 738 othar in eachtraí cógais i seirbhísí de chuid na Feidhmeannachta Sláinte (an HSE) anuraidh.

Dochar "beag" nó "measartha" a bhí i gceist i 732 cás ach bhí seisear othar a d'fhulaing "dochar as cuimse".

Sa n-iomlán cláraíodh beagnach 10,500 eachtra cógais, nó eachtra neas-timpiste.

Chuaigh 7,150 cás chomh fada le othar, ach gan dochar nó dochar nár bhfiú trácht air a dhéanamh.

Bhain 2,540 cás le neas-timpiste, gan a ghabháil chomh fada le othar.

Eachtra a d'fhéadfaí a sheachaint é eachtra cógais ina bhfeádfaí dochar a dhéanamh d'othar de bharr chógais atá faoi smacht oibrí gairmiúil cúram sláinte.

Fritheadh na figiúirí mar thoradh ar Cheist Dála a chuir Peadar Tóibín, TD.

Peadar Tóibín Dáil
Ceannaire Aontú Peadar Tóibín

Léiríonn sonraí ón nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát gur dáileog cógais a raibh moill á tabhairt nó nár tugadh in aon chor an eachtra cógais is minicí atá cláraithe.

Meastar go mbíonn an tseirbhís sláinte phoiblí ag plé le 2 mhilliún cás ospidéil sa mbliain agus beagnach 2 mhilliún cás i rannóga éigeandála ospidéil.

Deir an HSE go bhfuil Straitéis Sábháilteachta Othar á fheidhmiú acu agus go bhfuil laghdú ar an dochar a dhéantar de bharr eachtraí cógais ar cheann de na haidhmeanna atá leis, go háitiúil, go réigiúnda agus go náisiúnta.

Bíonn an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) i mbun cigireachta go rialta sna hospidéil a deir siad.

Táthar freisin a deir siad tar éis príomhtháscaire feidhmíochta a chur sa tsiúl i mbliana ag díriú go sonrach ar othair os cionn 65 bliain d'aois atá ag tógáil 10 gcógas nó níos mó go leanúnach, ag coinneáil súil ar aon ardú mí-chuí ar aon chógas a dhéanfadh dochar.