Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Sos cogaidh fós i bhfeidhm" ach ionsaithe arís san MeánOirthear

05 BEALTAINE 2026, 17:19

Tá súil ag an Uachtarán Trump a deir sé tráthnóna an cruinniú le Ceannasaí na Síne a cuireadh siar mar gheall ar an gcogaíocht a eagrú go gairid.
X Facebook

Tá Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha faoi ionsaí ag diúracáin agus ag dróin scaoilte leo ag an Iaráin a deir siad tráthnóna, fiú agus Meiriceá fós ag maíomh "nach bhfuil deireadh leis an sos cogaidh" agus ainneoin an dá thaobh a bheith ag caitheamh lena chéile inné le linn iarrachtaí ag Cabhlach Mheiriceá iachall a chur ar an Iaráin Caolas Hormuz a athoscailt.

Deir Fórsaí Mheiriceá go bhfuil 6 cinn de bháid bheaga cogaidh de chuid na hIaráine scriosta acu, chomh maith le diúracáin agus dróin a chur ó mhaith, tar éis don Uachtarán Trump "Project Freedom" a fhógairt le súil go mbeadh Cabhlach Mheiriceá in ann iachall a chur ar Tehran deireadh a chur leis an gcosc taistil ar thancaerí ola agus longa eile lastais atá feidhmithe acu le 2 mhí sa gCaolas.

Deir an Rúnaí Cosanta Pete Hegseth gur "oibríocht shealadach" atá i gceist le tionlacan na longa tráchtála agus deir sé go bhfuil "an sos cogaidh atá ann le mí fós i bhfeidhm".

US Secretary of War Pete Hegseth looks on during a press briefing at the Pentagon
Hegseth ag preasócáid san Pentagon

"Níl muid ag iarraidh achrann a tharraingt" a dúirt sé ag preasócáid. "Tá an sos comhraic ag seasamh láthair na huaire, ach beidh muid ag faire go h-an, an-ghéar".

Scaoil an Iaráin diúracáin inné le longa cogaidh de chuid na Stát Aontaithe agus d'ionsaigh siad na hÉimíríochtaí, comhghuaillí mór le Meiriceá i Murascaill na Peirse.

Go gairid tar éis do Hegseth labhairt i Washington tráthnóna bhí córas cosanta aeir na nÉimíríochtaí gnóthach arís le ionsaithe dróin agus diúracáin.

Dúirt an Rúnaí Cosanta go bhfuil "cosán glan" réitithe ag Cabhlach na Stát Aontaithe thríd Chaolas Hormuz agus go bhfuil "na céadta long tráchtála" á gcur féin i scuaine le seoladh amach as.

An Iran-flagged tugboat sails near a ship anchored in the Strait of Hormuz

Tá tuairiscí tagtha ó roinnt long le dhá lá anuas faoi phléasc nó tine ar bord.

Ó d'ionsaigh Meiriceá agus Iosrael iad deireadh mhí Feabhra, tá an Caolas dúnta ag an Iaráin agus miannaí leagtha acu, chomh maith le dróin agus diúracáin agus mearbháid ionsaithe faoi réir acu.

Mar fhreagra tá imshuí curtha ag Cabhlach Mheiriceá ar chalafoirt na hIaráine agus tá siad anois ag beartú tionlacan armtha Cabhlaigh a thabhairt do loingeas le éalú as Hormuz.

Ships anchored near the Iranian coast in the Strait of Hormuz

Tá dhá long tráchtála faoi bhratach na Stát Aontaithe tagtha amach as ó inné a deir Washington faoi chosaint scriostóirí Cabhlaigh ar a bhfuil diúracáin treoraithe.

Tá sé deimhnithe ag an ollchuideachta loingis Maersk gur éalaigh ar a laghad long amháin, an Alliance Fairfax.

Deir an Iaráin go bhfuil ionsaí déanta ag Meiriceá ar longa lastais agus go bhfuil cúigear mairnéalach maraithe acu.

Deir siad freisin gur chuir siad an ruaig inné ar cheann de na scríostóirí Cabhlaigh.

WASHINGTON, DC - APRIL 01: Retired Lt. Gen. Dan Caine, President Trump's nominee to be Chairman of the Joint Chiefs of Staff, testifies during his Senate Armed Services Committee confirmation hearing on April 01, 2025 in Washington, DC. Caine, a retired Air Force General, was nominated by President

Deir an Ginearál Dan Caine, an cathaoirleach ar Chinn Fóirne Fhórsaí Mheiriceá, go bhfuil an Iaráin tar éis scaoileadh 9 n-uaire le loingeas agus go bhfuil 2 long lastais gafa acu ó fógraíodh an sos sa gcogaíocht an 7ú Aibreán.

Deir sé go bhfuil fórsaí na Stát Aontaithe ionsaithe níos mó ná 10 n-uaire acu ach deir sé freisin go bhfuil "na h-ionsaithe faoi bhun an leibhéil a thionscnódh mórchogaíocht an athuair ag an bpointe seo".

Deir an Ginearál Dan Caine, an cathaoirleach ar Chinn Fóirne Fhórsaí Mheiriceá, go bhfuil an Iaráin tar éis scaoileadh 9 n-uaire le loingeas agus go bhfuil 2 long lastais gafa acu ó fógraíodh an sos sa gcogaíocht an 7ú Aibreán.

Deir sé go bhfuil fórsaí na Stát Aontaithe ionsaithe níos mó ná 10 n-uaire acu ach deir sé freisin go bhfuil "na h-ionsaithe faoi bhun an leibhéil a thionscnódh mórchogaíocht an athuair ag an bpointe seo".

' />