Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Athbhreithniú ar bun ag an Iaráin ar mholadh na Stát Aontaithe

06 BEALTAINE 2026, 17:33

Togra Saoirse Mheiriceá i gCaolas Hormuz le stopadh ar feadh tamaillín a deir Trump
X Facebook

Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil sé leis an bhfeachtas míleata a bhí ar bun ag na Stáit Aontaithe i gCaolas Hormuz a stopadh ar feadh tamaillín in iarracht teacht ar chomhaontú leis an Iaráin chun deireadh a chur leis an gcogadh sa Mheánoirthear.

Dé Luain a thosaigh an togra ar bhaist Meiriceá 'Togra na Saoirse' air a bhí ag iarraidh tionlacan a thabhairt do bháid lastais tríd an limistéir farraige i murasacaill na Peirse.

Vessels are pictured anchored in the Strait of Hormuz off Bandar Abbas in southern Iran GETTY

Dúirt Uachtarán Mheiriceá go bhfuil stop curtha leis an bhfeachtas míleata ar iarratas ón bPacastáin atá i mbun idirghabhála idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin féachaint an féidir teacht ar chomhaontú idir an dá thír chun deireadh a chur leis an gcogadh.

United States President Donald Trump speaks to the press before departing the White House.

Maíonn an tUachtarán Trump go bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh chun teacht ar chomhaontú deiridh leis an Iaráin.

Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear leis an bhfeachtas a stopadh ar feadh tamaillín féachaint an féidir an comhaontú a chríochú agus a shíniú.

Tuigtear go bhfuil plean 14 pointe á ullmhú ag na Stáit Aontaithe agus an Iaráin agus tuairiscítear go bhfuiltear níos gaire do chomhaontú a bhaint amach chun deireadh a chur leis an gcogadh, dar le foinse ón bPacastáin.

An mhí seo caite, reáchtáil an Phacastáin cainteanna síochána in iarracht deireadh a chur leis an gcogadh agus tá an Phacastáin ag leanúint uirthi mar idirghabhálaí sa chás.

Ar na meáin shóisialta, dúirt an tUachtarán Trump, go gcuirfear tús le hionsaithe arís muna dtiocfar ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh agus go mbeadh na hionsaithe seo níos fíochmhaire fós.

Dúirt urlabhraí ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIaráine go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag Tehran ar mholadh na Stát Aontaithe atá dírithe ar deireadh a chur leis an gcogadh sa mheánoirthear.

Dúirt an t-urlabhraí go gcuirfeadh an Iaráin a cuid tuairimí faoin mholadh in iúl don Phacastáin atá ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir an dá thír.

Dúirt Príomh-Aire na Pacastáine, Shehbaz Sharif go bhfuil fuinneamh ag bailiú nirt maidir leis na moltaí chun teacht ar chomhaontú síochána.