Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na praghsanna aibhléise is daoire san Eoraip - in Éirinn

06 BEALTAINE 2026, 16:24

Léirítear sna figiúirí is déanaí ó Eurostat go bhfuil na praghsanna aibhléise is daoire san Aontas Eorpach anseo in Éirinn
X Facebook

Léirítear sna figiúirí is déanaí ó Eurostat go bhfuil na praghsanna aibhléise is daoire san Aontas Eorpach anseo in Éirinn.

De réir na bhfigiúirí ó áisíneacht staitistiúla an Aontais Eorpaigh, costas 40.42 cent in aghaidh na cileavatuaire (cáin bhreisluacha agus tobhaigh san áireamh) a bhí ar leictreachas in Éirinn, costas a bhí nach mór 40% níos mó ná an meán san Aontas Eorpach - 28.96 cent.

Baineann na figiúirí seo leis an dara leath do 2025.

Dá bharr seo, tá gnáth líon tí in Éirinn ag íoc tuairim is €480 níos mó in aghaidh na bliana do leictreachas ná mar atá daoine i dtíortha eile san Eoraip.

Léiríonn na figiúirí gur tháinig ardú 32.7% ar an gcostas aibhléise in Éirinn idir Mhí Iúil agus Mhí na Nollag 2025, nuair a chuirtear na figiúirí i gcomparáid leis an dtréimhse chéanna i 2024.

Sna sála ar an dtír seo ó thaobh praghsanna arda leictreachais, tá an Ghearmáin agus an Bheilg.

Is san Ungáir atá an costas is ísle aibhléise san Aontas Eorpach, 10.82 cent in aghaidh na cileavatuaire.