Tá sé séanta ag roinnt comhlachtaí meáin shóisialta go gcothaíonn a gcuid ardán andúile.
Bhí feidhmeannaigh ó chomhlachtaí Meta, TikTok agus Snapchat ag freagairt ceisteanna ó Theachtaí agus ó Sheanadóirí ag an Choiste Oireachtais ar ghnóthaí Leanaí agus Comhionannais maidir le algartaim dhíobhálacha agus ábhar míchuí.
Dúirt Richard Collard, ceannasaí Polasaí Poiblí ar Shábháilteacht Mionaoisigh le TikTok, leis an Teachta Dála le Sinn Féin Claire Kerrane nach n-aontaíonn sé leis an téarma andúlach ach nach sin le rá nach bhfuil an comhlacht an-dairíre faoi leas leanaí.
D'fhiafraigh an Teachta Grace Boland, Fine Gael, de Stiúrthóir Polasaí Poiblí an chomhlachta Meta in Éirinn, Dualta Ó Broin faoi ábhar a bhaineann le féinmharú agus neamhoird itheacháin.
"Ní cheadaítear iad," a d'fhreagair Dualta Ó Broin.
"Cad a dhéanann tú lena chinntiú nach bhfuil aon ábhar ag sleamhnú tríd?" a d'fhiafraigh an Teachta Boland.
Dúirt Dualta Ó Broin nach féidir leis a rá go cinnte nach sleamhnaíonn aon ábhar tríd agus go bhfuil Meta an-dian maidir le forfheidhmiú agus tuairisciú.
"Maidir le hábhar a cheadaítear a mholadh, ní cheadaítear an cineál sin ábhair."
Deir Meta go bhfuil athrú bunúsach déanta acu ar an mbealach a mbaineann déagóirí úsáid as a gcuid ardán Instagram agus Facebook agus go mbíonn an comhlacht ag síor athrú ina n-iarracht dul i ngleic leis an bhaol a d'fhéadfadh tarlú do úsáideoirí atá faoi aois.
Rinne muid athrú ó bhun ar ár gcur chuige maidir leis an mbealach a mbaineann déagóirí úsáid as ár gcuid seirbhísí.
Dúirt Dualta Ó Broin go bhfuil "cuntais déagóra" a chuireann srian an chineál ábhair a fheictear i bhfotha, chomh maith le bacanna is féidir le tuismitheoirí a leagan síos le hábhar a shrianadh.
Níos luaithe an tseachtain seo, d'fhógair Coimisiún na Meán go bhfuil fiosrúcháin tosaithe acu maidir le córais mholta atá in úsáid ag Meta le hábhar a chur chun cinn ar Facebook agus Instagram.
Dúirt Coimisiún na hEorpa an tseachtain seo caite gur sháraigh Instagram agus Facebook, ar comhlachtaí de chuid Meta iad, an tAcht Eorpach ar Sheirbhísí Digiteacha de bhrí gur theip orthu "na contúirtí a bhaineann lena gcuid seirbhísí do pháistí faoi 13 bliain d'aois a shannadh, a mheas agus a mhaolú go dícheallach."


