Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinniú tairbheach ag Marco Rubio leis an Phápa sa Vatacáin

07 BEALTAINE 2026, 13:43

Bhuail Marco Rubio leis an Phápa Leon ar tús sula raibh cruinniú aige le hoifigigh de chuid na Vatacáine.
X Facebook

Tá an Vatacáin fágtha ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio i ndiaidh a chruinniú leis an Phápa Leon XIV, cruinniú a dúirt urlabhraí Meiriceánach a bhí "cairdiúil agus tairbheach."

Chaith Marco Rubio dhá uair go leith sa Vatacáin sular imigh sé faoi thionlacan dian-shlándála.

Seo an chéad uair ag ionadaí ó Rialtas Donald Trump bualadh leis an Phápa ó thug Uachtarán Mheiriceá faoi shraith ionsaithe ar cheannaire na hEaglaisí Caitlicí maidir lena dhearcadh ar chogadh na hIaráine.

Bhuail Marco Rubio leis an Phápa Leon ar tús sula raibh cruinniú aige le hoifigigh de chuid na Vatacáine, an Cairdinéal Iodálach Pietro Parolin ina measc.

Tá sé chóir a bheith bliain ó bhí cruinniú idir an Pápa agus ionadaí ó rialtas Donald Trump agus meastar gur mhair an cruinniú níos faide na an tam a bhí curtha i leataobh dó.

Bhí an Pápa 40 nóiméad déanach dá chéad chruinniú eile le foireann na Vatacáine.

pope leo shakes hands with marco rubio at the vatican
Seo an chéad uair ag ionadaí de chuid rialtas Washington bualadh leis an Phápa ó thug Donald Trump faoi cheannaire na hEaglaisí Caitlicí a scláradh faoina dhearcadh ar chogadh na hIaráine.

Tharraing an Pápa Leon, an chéad Mheiriceánach i gceannas ar an eaglais Chaitliceach Rómhánach, fearg an Uachtaráin Donald Trump air féin de bhrí gur cháin sé an cogadh a thosaigh Meiriceá agus Iosrael in éadan na hIaráine, chomh maith le polasaithe déine Trump ar cheist na hinimirce.

D'ainneoin gur chuir ceannairí Críostaí de gach gné den saol polaitiúil in éadan chaint an Uachtaráin Trump, lean seisean dá chuid ionsaithe ar an Phápa ar na meáin shóisialta.