Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cás éignithe tite as a chéile de bharr taighde idirlín an ghiúiré

07 BEALTAINE 2026, 17:03

Dúirt an Breitheamh Ó Higgins
X Facebook

Tá Breitheamh Ardchúirte tar éis giúiré a scaoileadh óna ndualgais i gcás a bhaineann le héigniú i gCo. Cheatharlach, de bharr go ndearna roinnt baill den ghiúiré taighde dá gcuid féin ar an idirlíon faoin chás.

Dúirt an Breitheamh Micheal Ó Higgins leis an ghiúiré de cheathrar fear agus ochtar ban gur "cúis mhór aiféala" go ndearna roinnt ball neamhaird den ordú soiléir a thug sé dóibh gan tabhairt faoina gcuid taighde príobháideach féin.

Bhí sé de thoradh ar a ngníomhartha, a dúirt an Breitheamh Ó Higgins, "gur cuireadh an próiseas cúramach agus córasach" a raibh siad páirteach ann "ar neamhní, agus ciallaíonn sé go gcaithfidh an gearánaí agus an cosantóir dul tríd phróiseas na trialach uilig arís."

Ba sa Phríomhchúirt Choiriúil a bhí an cás á thriail le coicís anuas agus cuireadh líomhaintí éignithe, ionsaí agus bagairt bháis faoi bhráid an ghiúiré. Bhí ceithre huaire go leith caite ag an choiste daréag i mbun a marana ó bhí an Mháirt ann ach chuir an Breitheamh Ó Higgins an plé ar athló nuair a cuireadh ar a shúile dó Dé Céadaoine go raibh fadhb ann.

Dúirt an Breitheamh leis an ghiúiré inniu gur fhiosraigh an chúirt ar cheart díspeagadh cúirte a chur ina leith. Dúirt sé gur chinn an chúirt gan sin a dhéanamh ach go bhfuil cumhacht ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí díspeagtha a thionscan.

Ní fios cé acu den daréag ar an ghiúire "a shocraigh gan cloí leis na treoracha soiléire a thug mé dóibh," a dúirt an Breitheamh Ó Higgins, agus "dá bhrí sin tá mé ag díriú mo chuid cainte ar an slua iomlán."

Cuireadh nóta faoi bhráid an Bhreithimh inné inár chuir ball amháin den ghiúiré imní in iúl faoi iompar ghiúiréithe eile. Ceistíodh an giúróir sin faoina himní.

Bunaithe ar an eolas sin, rinne an t-abhcóide ar shon an Stáit agus thar cheann an chúisí iarratas go scorfaí an giúiré, agus cuireadh an cás ar athló go dtí inniu.