Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Muinín láidir idir Éire agus an Bhreatain, a deir an Taoiseach

07 BEALTAINE 2026, 18:42

Shínigh an Taoiseach conradh €700m le traenacha nua a chur ar fáil don tseirbhís trasteorann idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste i 2028.
X Facebook

Tá moladh tugtha ag an Taoiseach don "mhuinín agus iontaoibh láidir" atá ag rialtais na hÉireann agus na Breataine ina chéile.

Is i mBéal Feirste a rinne Micheál Martin a chuid cainte, nuair a ceistíodh é faoin mbealach a bhfuil an Bhreatain ag déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí ó thuaidh den teorainn.

Cuir Sinn Féin agus an DUP tuairimí nach raibh ar aon fhocal le chéile, i láthair an Taoisigh ag cruinnithe i Stormont ar maidin.

D'iarr Sinn Féin go leanfaí an cás idirstáit a thionscain Rialtas na hÉireann in éadan na Ríochta Aontaithe i 2023 maidir leis an Acht Oidhreachta nó Acht na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann, a mhaígh an Rialtas a sháraigh an Coinbhinsiún Eorpach ar Chearta an Duine.

Deir an DUP go bhfuil an cás scannalach agus d'iarr siad go stopfaí é.

Tá Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain le reachtaíocht a thiocfadh in áit an Achta a chur faoi bhráid na parlaiminte ach tá imní ann faoin tionchar a bheadh aige ar theaghlaigh daoine atá ag éileamh fírinne agus cearta sna cúirteanna.

Dúirt an Taoiseach ag Mór Stáisiún Traenach Bhéal Feirste nach bhfuil bunús ar bith leis an tuairim go rachaidh rialtas na Breataine siar ar a ngealltanas maidir leis na trioblóidí.

"Bhí comhoibriú tairbheach againn le rialtas na Breataine faoi chreatlach na reachtaíochta agus tá dul chun cinn mór déanta," a dúirt an Taoiseach.

"Lena gceart a thabhairt dóibh, chloígh siad lena ngealltanais go dtí seo agus tá muidinne freisin ag seasamh leis na geallúintí a thug muid," a dúirt sé.

Bhí an Taoiseach ag Mór Stáisiún Bhéal Feirste le conradh ar fiú €700m é a shíniú le traenacha nua a chur ar fáil don tseirbhís trasteorann idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste i 2028.