Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin agus Meiriceá ag cur an mhilleáin ar a chéile

08 BEALTAINE 2026, 11:48

Teannas de shíor sa chaolas
X Facebook

Tá chuile chosúlacht air go bhfuil an sos cogaidh a socraíodh idir an Iaráin agus Meiriceá i mbaol.

Tá an dá thaobh ag cur an mhilleáin ar a chéile anois go bhfuil an socrú síochána á shárú acu i dtaca le Caolas Hormuz.

Dúirt urlabhraí ón Pentagaon go dtáinig cabhlach na Stát Aontaithe faoi ionsaí ó dhróin agus ó dhiúracáin de chuid na hIaráine i réigiún an chaolais.

D'admhaigh sé ansin gur scaoil an chabhlach ar ais le láithreacha de chuid na hIaráine.

Maíonn na hIaránaigh áfach gurbh iad na Meiriceánaigh a scaoil ar dtús.

Tá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag maíomh go bhfuil an sos cogaidh fós i bhfeidhm.