Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt os comhair cúirte faoi dhrugaí agus coiriúlacht eagraithe

08 BEALTAINE 2026, 12:19

Beirt os comhair cúirte faoi dhrugaí agus coiriúlacht eagraithe
X Facebook

Tugadh beirt fhear os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath i dtaca le cúiseanna drugaí,sciúradh airgid agus coiriúlacht eagraithe.

Gabhadh duine de na fir,Paul Kelly (55) ag a theach cónaithe i gCéide Chnoc na Seimre,Baile Formaid,Contae Bhaile Átha Cliath agus gabhadh an dara fear,Noel Smith (64) as Coill an Iarainn,Guaire Contae Loch Garman.

Is mar chuid de fhiosrúchán atá ar bun ag an mBiúró Eagraithe Coiriúlachta agus Aonad Náisiúnta Drugaí na nGardaí a gabhadh na fir.

Threoraigh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí go gcuirfí na fir ar a dtriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Cuireadh siar faoi choinneáil iad go ceann seachtaine.

Beidh siad os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seimre arís Dé hAoine seo chugainn.