Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Lá mór i Moscó agus Putin ag cáineadh NATO

09 BEALTAINE 2026, 09:43

An pharáid bhliantúil sa Chearnóg Dhearg
X Facebook

Cháin Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin eagraíocht NATO go láidir le linn chomóradh a thíre ar bhua na comhghualaíochta a chuir deiridh le Cogadh Domhanda 2 san Eoraip.

D'úsáid sé an ócáid freisin a bhí ar siúl sa phríomhchathair Moscó le dlisteanas a thabhairt do chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine atá ar siúl le breis is 4 bliana anois.

Dúírt sé go raibh NATO go síoraí ag soláthar arm don Úcráin a bhí thar a bheith 'oilbhéasach'.

Is é an 9ú Bealtaine an lá saoire bliantúil is mó sa Rúis agus an tír ag tabhairt chun cuimhne cothrom an lae seo i 1945, tráth a bhfuair fórsaí Josef Stalin le cabhair ón Bhreatain agus Meiriceá an lámh in uachtar ar réamas na Naitsíoch.

27 milliún saoránach de chuid Aontas na Sóivéide mar a bhí a maraíodh de thoradh an chogaidh in aghaidh fhórsaí na Gearmáine idir 1941 agus 1945.

Níl an oiread céanna caithréime ag baint le paráid bhuacach na bliana seo sa Chearnóg Dhearg de bharr go mbraitheann an Rúis go gcaithfidh sí a bheith san airdeall ar ionsaithe ón Úcráin.

Faoi láthair tá sos cogaidh 3 lá idir an dá thír atá fógraithe ó inné ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump.