Ghlac na mílte duine páirt i siúlóidí ar fud na tíre le moch maidne inniu ar mhaithe le hairgead a bhailiú don charthannacht Pieta House.
Ó Dhólás go Sólás an téama bliantúil a bhíonn ag na hócáidí seo atá ar bun anois ó 2009 agus a bhfuil sé mar aidhm acu aird an phobail a dhíriú ar an bhféinmharú.
Bhí suas le 10,000 duine páirteach sa gceann mór i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
Siúlóid 5 chiliméadar a bhíonn i gceist.
Cuirtear tús leis an tsiúlóid shiombalach thart ar 04:15, tráth an dorchadais díreach roimh bhreacadh an lae agus críochnaíonn sí agus an lá ag gealadh.
Reachtáileadh siúlóidí dá léithid ar fud an domhain freisin, ina measc Trá Bondi san Astráil.
Tá ceann á beartú i gcathair Vancouver i gCaenada faoi cheann roinnt uaireanta a chloig.
Áirítear go n-éiríonn leis na hócáidí eatarthu idir €3m-€4m a bhailiú do Pieta.


