Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Brown agus Harman tugtha isteach ag Starmer

09 BEALTAINE 2026, 11:17

Gordon Brown ina thoscaire speisialta ag Starmer
X Facebook

Sa Bhreatain tá Príomh Aire agus ceannaire an Lucht Oibre,Keir Starmer i ndiaidh iar-Phríomh Aire na tíre, Gordon Brown agus iar leas-cheannaire sa bpáirtí Harriet Harman a thabhairt ar ais isteach sa Rialtas.

Is é droch-thoradh an Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla thall ansin faoi ndear an chinneadh seo ó Keir Starmer, fear a bhfuil comhartha ceiste mór faoina cheannasaíocht anois a bhuíochas don tubaiste atá léirithe ag comhaireamh na vótaí le cúpla lá.

Tá an milleán buailte ag lear mór feisirí sa Lucht Oibre ar an Uasal Starmer faoin toradh sna comhairlí áitiúla.

UK Prime Minister Keir Starmer makes a statement in number 10 Downing Street
Priomh Aire na Breataine Keir Starmer go mór faoi bhrú anois

Chaill an Lucht Oibre na céadta suíochán i Sasana agus ba é páirtí Nigel Farage,Reform UK is mó a rug buntáiste ansin.

Ghnóthaigh páirtí Farage breis is 1,400 suíochán, an páirtí is mó sna comhairlí áitiúla i Sasana anois.

In Albain bhí an Lucht Oibre i bhfad chun gcúl ar páirtí náisiúnach an SNP in Albain agus bhí a thoradh níos tubaistí fós sa Bhreatain Bheag agus an páirtí náisiúnach Plaid Cymru an-láidir ansin.

Mar thoscaire ar chúrsaí airgeadais domhanda a bheidh Gordon Brown, an fear a tháinig i gcomharbacht ar Tony Blair mar Phríomh Aire ar an Bhreatain i Meitheamh 2007.

Mar chomhairleoir ar chúrsaí ban agus cailiní óga atá Harriet Brown ceaptha, bean a bhí ina leas-cheannaire ar an Lucht Oibre idir 2007 agus 2015.