Tá sean-naimhde na peile i gConnacht agus i gCúige Mumhan ag tabhairt aghaidh ar a chéile sna cluichíú craoibhe amárach.
I bPáirc de hÍde i Ros Comáin beidh an fhoireann baile á fhéachaint leis na curaithe Gaillimh, agus buachaillí Phadraig Joyce ag dréim le 5 chraobh cúige as a chéile a bhuachan.
Bhuaigh Ros Comáin Craobh Peile Chonnacht go deiridh i 2019 ach tá sé 25 bliain ó d'éirigh leo an chraobh a chrochadh leo ar an bhfód dúchais.
Déarfadh go leor gurbh í seo an t-aon deis i mbliana ag na 'Rossies' craobh de chineál éigin a bhuachan, is beag a thabharfadh aon seans dóibh maidir le Corn Sam Mhig Uidhir.
Scéal eile é le Gaillimh a bhuail ar an doras go minic le blianta beaga anuas ach ar chinn orthu Sam a thabhairt trasna na Sionainne.
Díol imní dóibh an bealach a ndeachaigh a gcluiche le Leitrim sa leathchraobh go bun an angair agus freisin gur fearr a chruthaigh Ros Comáin ná iad sa chomórtas sraithe.
Go deimhin féin chloígh Ros Comáin iad sa chomórtas sin níos túisce i mbliana agus is treallúsaí go mór an gearradh atá faoina 'Rossies' sa chraobh go dtí seo i mbliana.
Ní foláir a rá gur chloígh foireann Mark Dowd Maigh Eo i gcraobh na bliana seo, ag scóráil 1-17 sa dara leath agus ní haon dóithín sin.
Mar sin féin beidh Gaillimh, atá ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht don 11ú bliain as a chéile, ag súil go mbainfidh siadsan barrfeabhais amach ar an lá mór le go mbeidh siad in ann a thabhairt ar Chraobh na hÉireann le deá-mhuinín.
I gCúige Mumhan arís eile is iad Corcaigh agus Ciarraí a bheidh i mbun coimhlinte sa chluiche craoibhe peile ansin.
72 uair cheana a chas na contaetha seo ar a chéile ar an lá mór sa chúige, formhór na gcluichí sin buaite ag buachaillí na ríochta.
Níl Craobh Peile na Mumhan buaite ag Corcaigh ó 2012 ach díol muiníne dóibh a bheith ar ais i Roinn a 1 den tSraith Peile cé gur dócha nach dteastóidh uathu an liúradh 20 pointe a fuair siad ó Dhoire san Earrach a mheabhrú dóibh.
Fuair Ciarraí iad féin droch-bhualadh i gcluiche craoibhe na sraithe ach beidh buachaillí Jack O'Connor ag súil gur acusan a bheidh an lá amárach i gCill Airne agus Craobh na Mumhan ina seilbh arís.


