Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Údaráis sláinte i Tenerife ag aistriú paisinéirí ón Hondius

10 BEALTAINE 2026, 17:22

An MV Hondius i Tenerife
X Facebook

Tá údaráis na Spáinne i ndiaidh tús a chur le haistriú na bpaisinéirí ó long an MV Hondius, an bád pléisiúrtha ar bhuail ráig den hantavíreas í i ndeisceart an Atlantaigh an mhí seo caite.

Bhain an long amach Calafort Granadilla ar Oileán Tenerife sna hOileáin Chanáracha amach ó chósta thiar na hAfraice go gairid roimh bhreacadh an lae ar maidin.

Tá na paisinéirí, suas le 150 san iomlán le cur ar bord eitleáin ar ais chuig a dtíortha féin.

Tuairiscítear gur cuireadh na paisinéirí Spáinneacha, 14 duine san iomlán go Madrid.

Dearbhaíodh tráthnóna inné gurbh é an t-eitleán Rialtais atá curtha anonn leis na paisinéirí Éireannacha a bhailiú.

A person uses a phone on the deck of the MV Hondius after docking in the Granadilla Port
Paisinéirí le seoladh abhaile ón Hondius inniu

Beirt atá i gceist agus tuigtar nach bhfuil aon chomharthaí sóirt á léiríú acu.

Chomh luath is a bhíonn siad ar ais in Éirinn ag Aerfort Baldonnel i mBaile Átha Cliath aistreofar iad chuig ionad coraintín de chuid an HSE.

A grey plane owned by Ireland is pictured on a runway
An t-eitleán a thabharfaidh abhaile na hÉireannaigh

I measc na dtíortha eile a bhfuil paisinéirí dá gcuid á gcur ar ais tá an Ríocht Aontaithe, Na Stáit Aontaithe,Ceanada agus an Fhrainc.

De réir na dtreoirlínte ón lár ionad san Eoraip mairfidh an tréimhse coraintín suas le 5 seachtainí.

Tá scéal an MV Hondius i mbéal an phobail ó bhuail an ráig hantavíreas paisinéirí ar an long suas le mí ó shin.

A passenger from the MV Hondius on a bus
Paisinéir ar an Hondius

Bhí sí ag déanamh a bealach aneas ón Airgintín, tír ar cuireadh tús lena haistir ar an 1ú Aibreán.

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda (WHO) go bhfuil baol an víris do shláinte an phobail an-íseal agus gur mór idir é agus ráig den Covid.