Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Féile theacht an tSamhraidh san Iarmhí

10 BEALTAINE 2026, 17:17

Na sluaite bailithe ar Chnoc Uisneach
X Facebook

Tá na céadta duine bailithe thart ar Chnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí ar maidin le haitheantas a thabhairt do thraidisiún ársa céadtheacht an tSamhraidh.

I gcaint na ndaoine is é an cnoc sin croílár na naofachta in Éirinn ag dul siar na mílte bliain.

Féile mhór tinechnámh atá i gceist; ba mhór i gceist é i ré na gCeilteach agus iad ag fáil faoi réir le fáilte a chur roimh shéasúr an tSamhraidh.

Aréir léiríodh a mhacasamhail de shearmanas ar an gcnoc, mar a dhéantar gach bliain ag tabhairt chun cuimhne deasghnáth a bhíodh in úsáid ag Ard-Ríthe na hÉireann tráth.

Tinechnámh mór ar bharr an chnoic

I gcaitheamh an deireadh seachtaine bíonn taispeántais ceardlainne, seanchas agus seanchluichí traidisiúnta i dteannta an aireachais agus seisiúin yoga.

Is mór i gceist freisin an Ghaeilge agus i mbliana rinneadh tagairt ar leith don chraoltóir agus léiritheoir teilifíse,Manchán Magan a bhásaigh anuraidh.

Is ar an gcnoc céanna sin atá a luaithreamhán scaipthe.