Bhí spiorad Pháidí Uí Shé le brath go láidir i gCill Airne tráthnóna.
Agus táim cinnte go raibh aoibh an gháire air agus an corn atá ainmnithe ina dhiaidh á bhronnadh den chéad uair.
Ar Chiarraíoch a bronnadh Corn Pháidí Uí Shé, Paul Geaney captaein na foirne.
Tráthúíl go leor, fear é atá pósta le hiníon Pháidí, Siún.
Agus ba é a mhac féin, Páidí Geaney (garmhac Pháidí) a shín an corn trasna ag a athair.
Tá Craobh Peile na Mumhan buaite arís eile ag an Ríocht agus 8 bpointe le spáráil acu ar Chorcaigh sa chluiche ceannais i Staid an Ghearaltaigh inniu.
Ciarraí 1-23,Corcaigh 1-15 a chríochnaigh sé, an beart déanta ag Ciarraí ainneoin a gcuid gortaithe uilig.
Breis is 50 bliain ó bhuaigh fear Aird an Bhóthair a chéad bhonn cúige mar imreoir, is mar ómós dó anois atá a ainm ar Chorn Peile an Chúige.
Déarfadh go leor gur maith an aghaidh é ar an bhfear atá imithe ar shlí na fírinne ó 2012.


