Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fir atá cúisithe in ionsaí ar mhosc a bheartú os comhair cúirte

11 BEALTAINE 2026, 17:46

Ceathar fear curtha siar faoi choinneáil ag an gCúirt Choirúil Speisialta
X Facebook

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, cuireadh siar faoi choinneáil an athuair ceathrar fear atá cúisithe in ionsaí ar mhosc i nGaillimh a bheartú.

Sin iad Darren Gorman, 34 bliain, as Port Laoise i gCo Laoise; Charles Flynn, 35 bliain, as Caisleán Uí Chonaill i gCo Luimnigh; Garrett Pollock, 35 bliain as Áth na Long, i gCo an Dúin; agus Karolis Peckauskas, 38 bliain, as Droichead Átha i gCo Lú.

Tá an ceathrar fear cúisithe in iarracht a dhéanamh tabhairt faoi ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta.

Tá Karolis Peckauskas agus Garrett Pollock cúisithe freisin in airm agus ábhar pléascach a bheith ina seilbh acu.

Tugadh an ceathrar os comhair na cúirte inniu le súil dáta tosaigh na trialach a shocrú.

Dúradh sa chúirt go mb'fhéidir go ndéanfaí dul chun cinn i dtaca leis sin de i gcás beirt den cheathrar agus cuireadh siar faoi choinneáil iad ar fad go dtí an 8 Meitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ