Tá sé ráite ag Bord Leighis Ospidéal na hOllscoile, Luimneach nach bhfuil an caighdeán cúraim san ospidéal sách maith fós agus go bhfuil othair i mbaol dá bhíthin sin.
É sin in ainneoin aird a bheith tarraingthe ar an gcás go minic ag dochtúirí san ospidéal; ag bainistíocht an ospidéil; ag eagraíochtaí náisiúnta stiúrtha; agus ag ionadaithe othar, a dúirt cathaoirleach an Bhoird Leighis an tOllamh Joe Devlin.
I ráiteas, dúirt an tOllamh Devlin go raibh an t-ospidéal róphlódaithe; go raibh an iomarca othar ar thralaithe ann; go raibh rómhoill ar othair a thabhairt isteach ann; go raibh an fhoireann traochta; agus nach raibh sé d'acmhainn ag córas éigeandála an ospidéil an t-éileamh sa réigiún a láimhseáil.
D'iarr sé ar an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill maoiniú éigeandála a chur ar fáil le go bhféadfaí aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an ngéarchéim san ospidéal.
Tá breis foirne de dhíth, ar sé, lena n-áirítear dochtúirí comhairleacha, dochtúir neamh-chomhairleacha agus altraí.
Mhol an tOllamh Devlin freisin go mbunódh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bord nua forbartha i réigiún an mheániarthair leis an ospidéal nua atá beartaithe a thógáil ansin a chur i gcrích.
Mar fhreagra ar achainí an ollaimh, dúirt an Roinn Sláinte i ráiteas go raibh an Rialtas ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le cúram othar sa réigiún de réir na comhairle atá curtha orthu ag saineolaithe ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


