Tá sé curtha in iúl ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer dá airí rialtais nach bhfuil rún aige éirí as oifig, in ainneoin an bhrú atá ag teacht air ó chuid acu ó fuair Páirtí an Lucht Oibre goradh ceart ón bpobal thall sna toghcháin a bhí ar siúl ansin an tseachtain seo caite.
I gcruinnú Comhaireachta i Sráid Downing, d'fhógair Keir Starmer go leanfadh sé air ag rialú na Breataine agus thug le fios nach raibh aon chomórtas ceannaireachta curtha sa siúl ag aon duine dá airí.
Mar sin féin, d'fhéadfadh cor nua teacht sa scéal ar iompú boise agus cé go bhfuil a chosa curtha i bhfeac ag Starmer níl siad tugtha leis.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt cuid de na hairí le nuachtóirí go raibh siad ag seasamh leis an bPríomh-Aire i gcónaí ach dhiúltaigh an Rúnaí Sláinte Wes Streeting oiread agus siolla a rá.
Tá Wes Streeting, Londaineach, ar dhuine den dream a cheaptar a chuirfeadh a ainm chun cinn dá mbeadh comórtas ceannaireachta ann.
Mar leis an bpáirtí parlaiminte trí chéile, tá sé fógartha go poiblí ag 81 den feisire gur mhian leo go n-éireodh Starmer as mar Phríomh-Aire, sin 20% den líon iomlán feisirí atá ag Páirtí an Lucht Oibre i bparlaimint Westminster.
Líon suntasach atá ann ós é sin an uimhir a theastódh ó aon duine a sheasfadh in aghaidh Starmer i gcomórtas ceannaireachta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


