Tháinig laghdú de 9% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghiniúint leictreachais sa Stát anuraidh, a deir an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide.
San athbhreithniú bliantúil atá foilsithe ag an gcomhairle neamhspleách, dearbhaítear gurb é sin an tríú bliain as a chéile a tháinig laghdú suntasach ar astaíochtaí ó leictreachas.
Tugtar le fios sa tuarascáil go deimhin go bhfuil astaíochtaí ó leictreachas laghdaithe 40% ó 2018 in ainneoin go bhfuil ídiú leictreachais méadaithe 26% i gcaitheamh an achair chéanna.
Is é is cúis leis an athrach scéil leictreachas a bheith á ghiniúint ón ngaoth agus ón ngrian ar na saolta seo seachas ó mhóin agus ó ghual san am a caitheadh.
Castacht sa scéal, áfach, is ea an méadú de 21% a tháinig anuraidh ar an méid leictreachais a iompórtáladh ón mBreatain.
Is ón mBreatain a thagann 7% den leictreachas ar fad a ídítear sa Stát, sin 23 oiread an mhéid a tháinig on mBreatain in 2022.
Ní áirítear sna figiúirí bliantúla, ámh, na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a sceitheadh leis an leictreachas ón mBreatain a ghiniúint.
Deirtear sa tuarascáil freisin gur cor eile sa scéal an easpa acmhainne sa Stát leas a bhaint as gach vata leictreachais dá bhfuil ar fáil.
Fagádh 10% de leictreachas in-athnuaite gan ídiú anuraidh mar gheall ar easpa acmhainne sa líonra náisiúnta, de réir na tuarascála.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


