Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú de 6.5% ar phraghsanna tithe, an ráta is ísle le dhá bhliain

13 BEALTAINE 2026, 14:34

Is airde an ráta fáis ar phraghsanna tithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Bhí ardú de 6.5% ar phraghsanna tithe sa dá mhí dhéag go deireadh mhí an Mhárta i mbliana i gcomórtas le hardú de 6.7% sa dá mhí dhéag go deireadh Feabhra, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Sin an ráta fáis is ísle ó mhí Feabhra 2024, tráth ar ardú de 6.2% a bhí ann.

I mBaile Átha Cliath, is ardú de 5.7% a tháinig ar phraghsanna áras cónaithe trí chéile, 5.1% i gcás tithe agus 8.8% i gcás árasán.

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is ardú de 7.2% a bhí i gceist, 6.8% i gcás tithe agus 12% i gcás árasán.

Is i lár tíre – Laois, An Longfort, Uíbh Fhailí agus An Iarmhí – a bhí an ráta fáis is airde, 13.4% idir thithe agus árasáin.

Is i gCorcaigh agus i gCiarraí a bhí an ráta fáis is ísle, 3.6%.

Is i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an meánphraghas is airde, €685,000, agus is i nDún na nGall agus sa Longfort araon a bhí an meánphraghas is ísle, €200,000.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ