Tá Wes Streeting éirithe as a phost mar Rúnaí Sláinte na Breataine agus rún aige, is cosúil, dúshlán Keir Starmer a thabhairt mar cheannaire Pháirtí Lucht Oibre agus mar Phríomh-Aire.
Dúirt Wes Streeting go mbeadh sé mí-ionraic aige fanacht ina phost nuair ba léir, dar leis, go raibh ceannaire nua ag teastáil ón mBreatain.
Baineann an scéal le torthaí na dtoghchán sa Bhreatain an tseachtain seo caite nuair a thug sciar suntasach den phobal cúl le Páirtí an Lucht Oibre.
Ó shin, tá borradh agus dlús ag teacht faoin gcosúlacht go bhfuil Keir Starmer i ndeireadh na preibe mar cheannaire.
Ní hé Wes Streeting an t-aon duine a d'fhéadfadh a ainm a chur chun cinn mar cheannaire nua ó tá Angela Rayner sa mheá agus go leor tacaíochta aici ó ghnáthbhaill an pháirtí, de réir dealraimh.
Dealraítear go bhfuil go leor tacaíochta chomh maith ag méara Mhanchain Andy Burnham ach bheadh airsean a bheith tofa mar fheisire parlaiminte sula bhféadfadh sé dul san iomaíocht, claí ard ach inchaite.
Roimhe sin ar fad, níor mhór d'aon iarrthóir tacaíocht a fháil ó 81 feisire parlaiminte ó Pháirtí an Lucht Oibre agus cé go bhfuil sé fógartha go poiblí ag os cionn 90 acu gur mhian leo go n-éireodh Starmer as oifig ní léir go bhfuil siad ar aon intinn faoin té a thiocfadh ina áit.
Go deimhin, d'fhéadfadh Starmer féin comórtas ceannaireachta a bhuachan.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


