Is í iarrthóir Shinn Féin Janice Boylan atá chun tosaigh i bhfothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir ó thaobh vótaí céad rogha de, de réir a bhfuil i bpobalbhreith nua TG4/The Irish Times.
Ceithre iarrthóir déag ar fad atá san iomaíocht chun suíochán an iarAire Airgeadais Paschal Donohue a líonadh.
Tugann an phobalbhreith le fios go bhfuil 21% den vóta céad rogha ag Janice Boylan; 18% ag Daniel Ennis ó na Daonlathaithe Sóisialta; 14% ag an Neamhspleách Gerry Hutch; agus 13% ag Ray McAdam ó Fhine Gael.
Faoi bhun 10% de na vótaí céad rogha atá ag na hiarrthóirí eile:
Janet Horner, An Comhaontas Glas 8%
Malachy Steenson, Neamhspleách, 7%
Ruth O' Dea, Páirtí an Lucht Oibre, 6%
John Stephens, Fianna Fáil, 4%
Eoghan Ó Ceannabháin, Pobal Roimh Bhrabús, 3%.
1% den vóta céad rogha atá ag ceathrar eile, mar atá, Colm Flood, Neamhspleách; Ian Noel Smyth, Aontú; Mannix Flynn, Neamhspleách; agus Tony Corrigan, Neamhspleách.
Níos lú ná 1% atá ag an Neamhspleách John O' Leary.
Mar leis an vóta dara rogha, is ag Daniel Ennis atá ag sciar is mó, mar atá, 15%; 14% atá ag Janet Horner; 10% ag Janice Boylan agus 10% ag Malachy Steenson.
8% atá ag Ray McAdam, Gerry Hutch, John Stephens agus Eoghan Ó Ceannabháin, agus 7% atá ag Ruth O'Dea.
Tá lamháil earráide de ±4% sa phobalbhreith.


