Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Cosaint déanta ar rangú ról an chraoltóra Derek Mooney ag RTÉ

15 BEALTAINE 2026, 15:22

Ard Stiúrthóir RTÉ i mbun agallaimh leis an gclár 'Morning Ireland'
X Facebook

Dúirt an tAire Cumarsáide, Patrick O'Donovan, gur tríd an chlár Prime Time a fuair seisean amach go raibh athbhreithniú déanta ag RTÉ maidir leis an deichniúr láithreoirí ba mhó a bhí ag saothrú pá san eagraíocht.

D'iarr an tAire O'Donovan cruinniú ansin le Cathaoirleach Bhord RTÉ,Terence O'Rourke a dúirt sé, agus cuireadh ceann ar fáil dó ar-líne.

Ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'News at One' dúirt Patrick O' Donovan go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí tuarastail RTÉ chomh fada siar le 2020 mar gur theastaigh uaidh fháil amach an raibh aon duine eile ag fáil airgid nach raibh aon eolas faoi roimhe seo.

minister for communications patrick o'donovan speaking in the Dail
An tAire O'Donovan ar thóir tuilleadh eolais ó RTÉ

Níos túisce inniu dúirt Ard Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst go raibh sé lán-inchosanta an t-athrangú a rinneadh ar ról an chraoltóra, Derek Mooney sa stáisiún idir 2020 agus 2024.

Rinne an craoltóir náisiúnta athbhreithniú inné ar an deichniúr láithreoir is mó a thuill tuarastal leis i 2024 agus chuir sé Derek Mooney san áireamh.

Agus é i mbun agallaimh le Sarah McInerney ar an gclár raidió 'Morning Ireland' dúirt Kevin Bakhurst go raibh Derek Mooney rangaithe mar léiritheoir idir 2020 agus 2024 agus ní mar láithreoir.

'Dá réir' a dúirt sé, ba é sin an fáth a raibh tuarastal an Uasail Mooney fágtha ar lár i liosta an deichniúir ba mhó a bhí ag tuilleamh i rannóg na láithreoirí.

€197,151 an tuarastal a bhí ag Derek Mooney i 2024, an t-ochtú láithreoir is airde pá san eagraíocht de réir na bhfigiúirí.

' />