Ghlac Rí Shasana,Séarlas le cuireadh ón Uachtarán Catherine Connolly i dtaca le Cuairt Stáit ar an tír seo am éigin an bhliain seo chugainn.
Thug an tUachtarán Connolly an méid sin le fios i ndiaidh a cuairte ar Phálás Buckingham tráthnóna.
Leathuair a chloig a chaith an tUachtarán Connolly i dteannta an Rí Séarlas agus í ar a céad lá dá cuairt oifigiúil 3 lá ar Shasana.
Níos túisce inniu bhí sí ag an Lár Ionad Cultúrtha i Hammersmith, áit ar thréaslaigh sí le hinimircigh ón tír seo faoin mbealach a dúirt sí a 'chuir siad le sochaí agus eacnamaíocht na Breataine' i gcaitheamh na mblianta.
I gcaitheamh a cuairte tá sé i gceist aici díriú cuid mhór ar na pobail Éireannacha atá ag cur fúthu thall ansin.
Casfaidh sí freisin le lucht an diaspora i gcathair Leeds i Yorkshire.


