Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

4 bliana príosúnachta gearrtha ar fhear as buachaill óg a éigniú

18 BEALTAINE 2026, 12:12

An Phríomh Chúirt Choiriúil
X Facebook

Sa Phríomh Chúirt Choiriúil gearradh 4 bliana príosúin ar fhear sna seascaidí as buachaill sna déaga a éigniú ar thrá i gCo.Phort Láirge.

Phléadáil Neil Elliot (63) as Pointe na Síge,Co.Phort Láirge i gcúiseanna éagsúla bainteach le héigniú ar an mbuachaill a bhí 16 bliain d'aois ag an am.

Tharla an eachtra thromchúiseach i bpáirc carabháin i gceantar na Trá Móire ar an 8Lúnasa 2022.

Bhí an buachaill óg faoi chúram an stáit ag an am.

B'amhlaidh a chas an buachaill agus an fear ar a chéile tré aip cleamhnais.