Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Seisear Éireannach tógtha ag Iosrael ar an flotilla

18 BEALTAINE 2026, 12:34

Trúpaí ó Iosrael ag bordáil flotilla
X Facebook

Tá ar a laghad seisear Éireannach á gcoinneáil ag údaráis Iosrael thall ansin, an Dochtúir Margaret Connolly,deirfiúr an Uachtaráin Catherine Connolly ina measc.

Bhí siad ar fad ar cheann de na báid a bhí ag déanamh a bhealach go Gaza.

60 soitheach ar fad atá páirteach sa flotilla le soláthairtí éigeandála a deirtear.

Bhordáil trúpaí le hIosrael 10 gcinn de na báid sin sa Mheánmhuir,70 míle amach ón gCipir ar maidin.