Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

€300m á infheistiú i mbranda nua déiríochta i gCiarraí

18 BEALTAINE 2026, 15:07

Kinisla a bheidh feasta ar Kerry Dairy Ireland
X Facebook

Tá athbhrandáil déanta ar an ghnó déiríochta a bhíodh tráth ag Kerry Group.

Is mar chuid de shocrú ceannachta thar barr amach atá an t-athbhrandáil seo déanta.

Tá sé i gceist €300m a infheistiú sa bhranda nua agus cruthófar 100 post freisin dá bharr.

Kinisla an t-ainm feasta a bheidh ar Kerry Dairy Ireland agus seoladh an t-ainm nua ag ócáid i Lios Tuathail ar maidin ag a raibh An Taoiseach i láthair.