Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin: 'mórionsaí nua curtha ar athlá ag Trump'

19 BEALTAINE 2026, 09:55

Donald Trump ag labhairt ag ócáid a bhí ar siúl sa Teach Bán in Washington inné
X Facebook

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le fios go raibh "seans an-mhaith ann" go dtiocfaí ar chomhaontú leis an Iaráin maidir le "teorainn a chur" le clár núicléach na tíre sin, mar a dúirt sé.

Dúirt Trump freisin go raibh mórionsaí eile buamála a bhí beartaithe aige a dhéanamh ar an Iaráin, go raibh sé curtha ar athlá aige tar éis do cheannairí na hIaráine moladh nua síochána a chur faoi bhráid na Stát Aontaithe.

Ina dhiadh sin féin, mhaígh sé go rachfaí chun cinn leis an ionsaí gan fógra ar bith sa chás nach dtiocfaí ar chomhaontú.

Is minic caint mar é ag Trump, áfach, agus ní fios cad a bhí nó cad atá ar intinn aige i ndáiríre.

Ina theannta sin, i bpostáil a d'fhoilsigh sé ar a mheán sóisialta féin, mhaígh Trump gur iarr ceannairí tíortha eile sa Mheánoirthear air gan dul chun cinn leis an mbuamáil mar gur chreid siad féin go dtiocfaí ar chomhaontú cóir.

Is iad na tíortha a dúirt Trump a bhí i gceist Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Níor thug sé aon mhionsonraí faoi aon chuid den scéal, más ea.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ