Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ceisteanna go leor á bplé ag Aire Cumarsáide, feidhmeannaigh RTÉ

20 BEALTAINE 2026, 17:58

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cuntais RTÉ a iniúchadh feasta
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag céile an chraoltóra Seán Rocks nach maireann go raibh cruinniú aici leis an Aire Cumarsáide Patrick O'Donovan inné lena chur in iúl dó go raibh imní uirthi faoin rangú a rinne RTÉ ar obair Sheáin Rocks.

Dúirt Catherine Bailey leis an Aire gur rangaíodh Seán Rocks mar léiritheoir raidió nuair is eol do chách gur láithreoir raidió a bhí ann.

Dúirt sí leis freisin go bhfuil an rangú míchruinn seo ag dul i bhfeidhm uirthi agus ar chlann na lánúine ó fuair Séan Rocks bás an samhradh seo caite.

Tagann an scéala seo sna sála ar an gconspóid atá tarraingthe ag an rangú míchruinn céanna a rinneadh ar obair an chraoltóra Derek Mooney nár foilsíodh a thuarastal, mar ba chóir, de bharr an mhíchruinnis sin.

Chuir an tAire O'Donovan leasú ar bhille os comhair na Comhaireachta inniu a cheadódh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste cuntais RTÉ a iniúchadh feasta.

Roimhe seo, is comhlachtaí príobháideacha a d'iniúchadh cuntais na heagraíochta.

De réir an bhille, bheadh ar RTÉ – agus ar TG4 – níos mó mioneolais a chur ar fáil faoi íocaíochtaí, faoi choimisiúniú clár agus faoi chaiteachas, agus chaithfeadh an dá eagraíocht ceisteanna ina dtaobh sin a fheagairt go poiblí os comhair Choiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann.

Tá sé i gceist chomh maith go ndéanfadh Coimisiún na Meán "athbhreithniú" gach bliain agus "measúnú" gach trí bliana ar RTÉ agus ar TG4.

Tá an tAire i mbun cruinnithe trathnóna le hArd-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst, leis an Leas-Ard-Stiúrthóir Adrian Lynch agus le Cathaoirleach RTÉ Terence O'Rourke chun na ceisteanna sin ar fad a chíoradh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ