Tugtar le fios i dtuarascáil bhliantúil an Ionaid Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath nach raibh éileamh chomh mór cheana ar sheirbhísí tacaíochta an charthanais agus a bhí anuraidh.
Cuireadh beagnach 24,000 glao ar líne chabhrach an ionaid in 2015, an líon ba mhó ó bunaíodh an eagraíocht 47 bliain ó shin, agus ar ardú de 5% é ó 2024 agus ardú de 29% ó 2023.
Ba ó dhaoine a ghlaoigh cheana ar an ionad a tháinig leath na nglaonna nach mór agus ba ó dhaoine arbh é an chéad uair acu é glaoch ar an ionad a tháinig an tríú cuid.
Mar leis na daoine deireanacha sin, ba i mí Aibreáin anuraidh thar aon mhí eile ba mhó a fuarthas glaonna uathu.
Ceaptar gurbh é an líon mór cásanna cúirte ábhartha a tuairiscíodh sna meáin ag an am, gurbh é sin ba chúis leis an líon mór glaonna an uair úd.
Bhí a lán déagóirí i measc na ndaoine a thug le fios gur ar líne a rinneadh ciapadh gnéasach orthu.
Fuarthas neart glaonna freisin ó thuismitheoirí a bhí ag iarraidh comhairle ar lucht an ionaid faoin gciapadh a bhíothas a dhéanamh ar a gclann.
Ina cheann sin, fuarthas níos mó glaonna anuraidh ó dhaoine gan dídean, 300 le hais 200 in 2024.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


