Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Loch Garman

20 BEALTAINE 2026, 12:39

Ar bhóthar an R702 a tharla an tubaiste
X Facebook

Maraíodh fear sna fichidí í dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Loch Garman inné.

Deir na Gardaí gur imigh gluaisteán an fhir den bhóthar sa Chorrghráig in Inis Córthaidh ag thart ar 11.30 ar maidin inné.

Deir siad freisin nach raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tubaiste.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí ag tiomáint ar bhóthar an R702 idir 10.30 agus 11.30 ar maidin inné teagmháil a dhéanamh leo, go háirithe má tá íomhánna ábhartha ó cheamara deaise acu.

Tá 65 duine maraithe i dtimpistí bóthair sa Stát ó thús na bliana, i gcomparáid le 61 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ