Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Ní mór bás Yves Sakila a fhiosrú go críochnúil' – Taoiseach

19 BEALTAINE 2026, 17:31

Bhí Yves Sakila sna tríochaidí agus ba de bhunadh an Chongó é
X Facebook

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur cheart bás fir as an gCongó i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite a fhiosrú go críochnúil.

Thit Yves Sakila, a bhí sna tríochaidí, i bhfanntais agus é i ngreim ag lucht slándála siopa ar Shráid Anraí.

Tháinig na Gardaí ar an láthair freisin.

Tugadh Yves Sakila chuig Ospidéal an Mater, áit ar cailleadh go gairid ina dhiaidh sin.

Rinne Micheál Martin comhbhrón le teaghlach Yves Sakila agus dúirt gur léir go raibh go leor daoine buartha faoinar bhain dó.

Duine de Theachtaí Dála an cheantair, Gary Gannon ó na Daonlathaithe Sóisialta, dúirt sé go raibh físeán den eachtra á chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta agus gur choscrach léanmhar na híomhánna a bhí ann.

Tionóladh bigil i gcuimhne Yves Sakila ar Shráid Anraí tráthnóna inniu, áit ar léiríodh fearg agus imní faoin gcaoi ar caitheadh leis.

People mourn the death of Yves Sakila on Dublin's Henry Street
An bhigil ar Shráid Anraí

Tá sé ráite ag na Gardaí go bhfuil scrúdu iarbháis le déanamh ar an gcorp agus go gcuideoidh sin leis an bhfiosrúchan atá ar bun acu.

Thug na Gardaí le fios freisin gur chuir siad an cás faoi bhráid Oifig an Ombudsman Póilíneachta, Fiosrú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

An bhigil ar Shráid Anraí

Tá sé ráite ag na Gardaí go bhfuil scrúdu iarbháis le déanamh ar an gcorp agus go gcuideoidh sin leis an bhfiosrúchan atá ar bun acu.

Thug na Gardaí le fios freisin gur chuir siad an cás faoi bhráid Oifig an Ombudsman Póilíneachta, Fiosrú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />