Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan aon scéala fós ó ghníomhaithe atá tógtha ag fórsaí Iosrael

19 BEALTAINE 2026, 14:03

Gníomhaithe á ngabháil ag fórsaí Iosrael
X Facebook

Tuigtear nach bhfuil scéala faighte ag aon duine sa tír seo ó aon duine de na gníomhaithe ó loingeas cabhrach daonnúla atá faoi choinneáil ag fórsaí míleata Iosrael sa Mheánmhuir.

Tháinig na hIosraelaigh roimh os cionn dhá scór bád ón loingeas cabhrach in oirthear na Meánmhara inné agus tá an tuairim is 400 duine a bhí ar bord na mbád sin tógtha acu.

Is cosúil go bhfuil deich mbád eile ag tabhairt aghaidh ar Gaza i gcónaí.

Tá roinnt saoránach de chuid na hÉireann páirteach sa loingeas agus tá an Dr Margaret Connolly, deirfiúr leis an Uacharán Catherine Connolly, ar dhuine den dream a ghabh na hIosraelaigh.

Tá a bhfui déanta ag na hIosraelaigh in uiscí idirnáisiúnta cáinte ag an Taoiseach Micheál Martin agus d'éiligh sé na géibheannaigh a scaoileadh saor láithreach.

An soitheach ba ghaire do Gaza, an Sirius, bhí sí 145 muirmhíle ó cheann scríbe, dar leis an ngrúpa in Éirinn a bhfuil na gníomhaithe bainteach leis.

I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Iosrael nach gceadófaí d'aon dream an léigear mara atá siad a dhéanamh ar Gaza a shárú, ar léigear "dleathach" é, dar leis na hIosraelaigh.

Tá sé de nós ag cabhlach Iosrael daoine a thógann siad a thabhairt go calafort Aisdeod in Iosrael agus iad a dhíbirt as an tír go gairid ina dhiaidh sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ