Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tús le triail Jeffrey agus Eleanor Donaldson i gceann seachtaine

19 BEALTAINE 2026, 17:52

Jeffrey agus Eleanor Donaldson
X Facebook

Tá iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile Eleanor Donaldson le cur ar a dtriail an tseachtain seo chugainn mar a bhí beartaithe faoi chionta gnéasacha.

Gabhadh an bheirt agus cúisíodh iad sna cionta os cionn dhá bhliain ó shin.

I gcúirt san Iúr i gCo an Dúin inniu, dhearbhaigh an Breitheamh Paul Ramsey go dtosófaí ag roghnú giúróirí don triail Dé Máirt seo chugainn.

Beidh éisteacht eile sa chúirt amárach maidir le tuairisc leighis faoi Eleanor Donaldson agus maidir le ceisteanna dlíthiúla eile.

Tá Jeffrey Donaldson ag pléadáil neamhchiontach in ocht gcúis déag, éigniú ina measc.

Chomh maith le héigniú, tá ceithre chúis a bhaineann le gníomh ró-mhígheanasach agus trí chúis déag a bhaineann le hionsaí mígheanasach curtha ina leith.

Cúig chúis atá curtha i leith Eleanor Donaldson maidir le cabhrú lena fear céile agus neartú lena chionta.

Líomhnaítear go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir 1985 agus 2008 agus deirtear go bhfuil beirt íospartach ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ