Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Eolas nua ó RTÉ: 'iarracht ar oscailteacht seachas scannal'

20 BEALTAINE 2026, 17:57

Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst ag éisteacht de Chomhchoiste Meán an Oireachtais inniu
X Facebook

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst nárbh fhíor a rá go raibh an eagraíocht ag cur eolais ar fáil go poiblí "braon ar bhraon", mar a dúirt Teachta Dála ó Fhine Gael ag éisteacht de Chomhchoiste Meán an Oireachtas inniu.

Ball den choiste, an Teachta Brian Brennan, a dúirt an méid sin i dtaobh na conspóide atá tarraingthe ag an rangú míchruinn a rinne RTÉ ar obair an chraoltóra Derek Mooney nár foilsíodh a thuarastal, mar ba chóir, de bharr an mhíchruinnis sin.

Foilsíonn RTÉ ainmneacha an deichniúr láithreoirí is airde tuarastal gach bliain ach níor cuireadh Derek Mooney san áireamh in 2024 mar gur áiríodh é mar léiritheoir seachas mar láithreoir.

Tar éis do RTÉ athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal, arsa Kevin Bakhurst, shocraigh an eagraíocht ar Derek Mooney a áireamh mar láithreoir don bhliain sin agus a ainm a iarchur ar an liosta.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir freisin go mb'oth leis gur "scannal" atáthar a thabhairt ar an "iarracht ionraic" a rinne RTÉ a bheith níos oscailte faoi thuarastal an láithreora.

Dúirt an Teachta Dála Joanna Byrne ó Shinn Féin go mb'údar iontais di feidhmeannaigh RTÉ a fheiceáil os comhair an choiste an athuair le ceisteanna a cíoradh cheana a chíoradh an athuair.

Samhlaítear do dhaoine, arsa sí, gur silteach scaoilteach leis an sparán poiblí atá RTÉ.

Ní raibh glacadh ag Kevin Bakhurst leis an méid sin agus thug le fios go raibh sé i bhfabhar ainmneacha an 100 duine is airde tuarastal in RTÉ a fhoilsiú feasta.

Shéan sé freisin gur bronntanas ón gcáiníocóir chun RTÉ a thabhairt as sáinn is ea an maoiniú de €725 milliún atá an eagraíocht a fháil ón Rialtas, mar a dúirt an tAire Cumarsáide Patrick O'Donovan.

Dúirt sé leis an gcoiste gur i gcaitheamh trí bliana a bhí an t-airgead sin á chur ar fáil.

Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre, léirigh sé iontas nuair a dúirt Kevin Bakhurst go mb'fhéidir go raibh duine nó beirt in RTÉ ag fáil tuarastail níos airde ná an tArd-Stiúrthóir féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ