Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Cheatharlach

20 BEALTAINE 2026, 12:40

Ar bhóthar an R702 a tharla an tubaiste
X Facebook

Maraíodh fear sna fichidí i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Cheatharlach ar maidin inniu.

Deir na Gardaí gur imigh gluaisteán an fhir den bhóthar i mBaile Thaidhg Léith idir an Bhuríos agus an Droichead Nua ag thart ar 6.20 ar maidin.

Deir siad freisin nach raibh aon duine eile sa ghluaisteán agus nach raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tubaiste.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhí ag tiomáint ar bhóthar an R702 idir an Bhuríos agus an Droichead Nua thart ar am na tubaiste teagmháil a dhéanamh leo, go háirithe má tá íomhánna ábhartha ó cheamara deaise acu.

Maraíodh fear óg eile i dtionóisc a bhí ar bhóthar an R702 i gCo Loch Garman arú inné.

Tá 66 duine maraithe i dtimpistí bóthair sa Stát ó thús na bliana, i gcomparáid le 61 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ