Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Ardú suntasach ar chíos ó tháinig feidhm le rialacha nua'

20 BEALTAINE 2026, 10:54

€2,100 an meánchíos náisiúnta atáthar a iarraidh ar árasán dhá sheomra codlata
X Facebook

Tá ardú suntasach tagtha ar chíos ar fud na tíre ó tháinig feidhm le rialacha nua cíosa an Rialtais ar an 1 Márta, de réir lucht an tsuímh ghreásáin mhaoine Daft.ie.

Roimhe sin, de réir Daft.ie, bhí ardú de 4.4% ar chíos idir mhí na Nollag agus mhí an Mhárta, arb é sin an t-ardú ráithiúil is mó a taifeadadh ó 2002.

Deirtear i dtuarascáil nua ó Daft.ie go bhfuil cíos os cionn 30% níos airde ná mar a bhí roimh an bpaindéim Covid-19 agus beagnach 80% níos airde ná deich mbliana ó shin.

Tugtar le fios sa tuarascáil chomh maith go bhfuil níos mó áiteanna cónaithe ar fáil anois ná mar a bhí trí mhí ó shin agus bliain ó shin.

Dúirt údar na tuarascála an tOllamh Rónán Lyons gur cheart do dhaoine a bheith cúramach agus iad ag iarraidh meabhair a bhaint as na figiúirí nua ó tá dála ar leith ag baint leo.

Cuir i gcás, arsa sé, tar éis don Rialtas na rialacha nua cíosa a fhógairt i mí an Mheithimh anuraidh is cosúil gur fhan roinnt tiarnaí talún go dtí gur cuireadh i bhfeidhm iad i mí an Mhárta i mbliana sular chuir siad tionóntachtaí ar fáil.

De réir na rialacha nua, mura bhfuil aon duine ina chónaí in áit atá ar fáil ar cíos tá cead ag an tiarna talún an cíos atá sé a iarraidh a ardú de réir an mhargaidh.

Is ardú de 2% ar a mhéad atá ceadaithe i gcás áiteanna a bhfuil daoine ina gcónaí iontu cheana.

Ina cheann sin, caithfidh tiarnaí talún léas sé bliana ar a laghad a thabhairt do thionóntaí nua.

Dúirt an Rialtas ag an am gur lena raibh ann de sholáthar tithíochta sa Stát a mhéadú an cuspóir a bhí leis na rialacha nua.

Mhaígh an freasúra, áfach, nach dtiocfadh as na rialacha nua ach ardú as míosúr ar chíos.

Deirtear sa ttuarascáil nua ó Daft.ie gur €2,100 an meánchíos náisiúnta atáthar a iarraidh ar árasán dhá sheomra codlata ó thús 2026.

Tá cíos 18% níos airde i gcathair na Gaillimhe i mbliana ná mar a bhí an t-am céanna anuraidh; 13% níos airde i gCorcaigh; 10% níos airde i Luimneach; 8% níos airde i bPort Láirge; agus 6.9% níos airde i mBaile Átha Cliath.

Bhí 2,500 áit chónaithe ar fáil ar cíos ar fud an Stáit ar an 1 Bealtaine, le hais 2,300 an t-am céanna anuraidh agus 1,800 trí mhí ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ