I gcúirt san Iúr i gCo an Dúin, rialaigh breitheamh nach féidir bean chéile iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson a chur ar a triail faoi chionta gnéis mar nach bhfuil a meabhairshláinte sách maith.
Mar sin féin, cíorfaidh an giúiré cás Eleanor Donaldson, atá 60 bliain d'aois, agus cé nach bhféadfaidh siad í a chiontú, iarrfar orthu rialú an ndearna sí na cionta atá curtha ina leith nó nach ndearna.
Rialaigh an Breitheamh Paul Ramsey inniu nach bhfuil Eleanor Donaldson in araíocht dul ar a triail tar éis dó fianaise a chloisteáil ó shíciataraí dlí-eolaíochta agus tuairiscí a léamh ó bheirt dochtúirí eile.
Dúirt an síciataraí dlí-eolaíochta an Dr Christine Kennedy go bhfuil Eleanor Donaldson i mórísle brí, go bhfuil an baol ann go dtabharfaidh sé ainíde di féin agus go bhfuil sí thar a bheith imníoch agus ar tinneall an t-am ar fad.
Is é is dóichí, arsa an Dr Kennedy, nach mbeadh Eleanor Donaldson in ann treoracha a thabhairt dá dlíodóirí, nach bhféadfadh sí a haird a dhíriú ar imeachtaí na trialach agus nach bhféadfadh sí fianaise a thabhairt.
Tá Eleanor Donaldson ag pléadáil neamhchiontach i gcúig chúis maidir le cabhrú lena fear céile agus neartú lena chiontasa.
Leanfar le triail Jeffrey Donaldson, atá 63 bliain d'aois, de réir mar a bhí beartaithe.
Tá seisean ag pléadáil neamhchiontach in ocht gcúis déag, éigniú ina measc.
Chomh maith le héigniú, tá ceithre chúis a bhaineann le gníomh ró-mhígheanasach agus trí chúis déag a bhaineann le hionsaí mígheanasach curtha ina leith.
Líomhnaítear go ndearnadh na cionta ag tráthanna éagsúla idir 1985 agus 2008 agus deirtear go bhfuil beirt íospartach ann.
Tá tús le cur leis an triail an tseachtain seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


