Tá bainistíocht an ollchomhlacht teicneolaíochta Meta ag tabhairt breis eolais d'fhoireann an chomhlachta in Éirinn faoi na ciorruithe atá beartaithe acu.
Tuigtear go bhfuil sé ar intinn ag Meta 350 fostaí sa tír seo a ligean chun siúil.
An mhí seo caite, d'fhógair Meta, ar leo Facebook, go raibh siad le 10% d'oibrithe an chomhlachta ar fud an domhain a ligean chun siúil, sin 8,000 duine.
1,800 duine atá fostaithe ag Meta in Éirinn agus tuigtear go bhfuair roinnt acu ríomhphost ar maidin inniu inar cuireadh in iúl dóibh go mb'fhéidir go rachadh an scéal i bhfeidhm orthu, ní hionann go baileach agus fógra scoir.
Mar sin féin, tá fógra scoir ginearálta seolta ag Meta chuig an Roinn Fiontar, gníomh éigeantach nuair atá sé ar intinn ag comhlacht dá shórt 30 fostaí nó níos mó a ligean chun siúil.
Baineann an scéal leis an bhforbairt atá ollchomhlachtaí teicneolaíochta a dhéanamh ar Intleacht Shaorga.
Urlabhraí fiontar Pháirtí an Lucht Oibre, George Lawlor, d'iarr sé ar an Aire Fiontar Peter Burke agus ar an Aire Stáit Niamh Smyth straitéis a chumadh le poist san earnáil teicneolaíochta in Éirinn a chosaint i ré úr seo na hIntleachta Saorga.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


